Gaeilge
Cuireann Rooney, Ceantálaithe, seirbhís ghairmiúil ar fáil maidir le gach gné d’idirbhearta áitreabh agus bítear dúthrachtach maidir le haidhmeanna agus cuspóirí ár gcuid cliant ar fad a bhaint amach agus an praghas is fearr a fháil ar an áitreabh.
Bíonn oifigí nua-aimseartha Rooney, Ceantálaithe, atá suite i lár na cathrach i Luimneach, ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine agus tá an fhoireann atá i mbun na hoifige agus na bainistíochta ann láncháilithe agus lánoilte.
Tá dea-cháil ar thaithí Rooney, Ceantálaithe, ar gach gné d’obair an cheantálaí. Cuirtear seirbhís ar fáil maidir le háitribh chónaithe, áitribh thráchtála, forbraíocht nua,
gníomhaireacht maidir le ligean agus cur ar cíos, suíomhanna, áitribh mar gheall ar chúrsaí cánach, luacháil, iasachtaí morgáiste/seirbhísí airgeadais agus seirbhísí eile.
Ar an suíomh idirlín seo, is féidir cuardach a dhéanamh ar an liosta is deireanaí againn de na háitribh atá ar fáil agus sonraí iomlána faoin áitreabh a fheiceáil chomh maith le pictiúir. Más maith leat teagmháil a dhéanamh linn go díreach, is féidir glaoch ar +353 61 413511 nó an fhoirm fiosrúcháin ar line a líonadh.